GalwayBayFM

Spórt TG4 ag dul i bpáirt le Portwest

Share this article
Spórt TG4 ag dul i bpáirt le Portwest

Tá ríméad ar Spórt TG4 a fhógairt go gcuirfidh Portwest cótaí troma Portwest ar fáil d'fhoireann Spórt TG4.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha, “Tá an-áthas orainn a bheith ag obair i gcomhar le branda láidir as Iarthar na hÉireann mar Portwest. Mar atá a fhios ag ár lucht féachana, téann an fhoireann Spóirt atá againn fud fad na tíre chun imeachtaí spóirt a chlúdach i ngach chineál aimsire. Tá sé thar barr ar fad go bhfuil páirtnéir againn, páirtnéir a bhfuil ardmheas air, chun éadach trom d'ardchaighdeán a chur ar fáil dúinn. Déanfaidh sin an jab atá le déanamh againn rud beag níos éasca.

Dúirt Rachel Davoren, Bainisteoir Ginearálta Portwest: "Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag obair i gcomhar le TG4, cuideachta iontach eile as Iarthar na hÉireann. Déanann an fhoireann spóirt sárobair le linn dóibh a bheith ag obair amuigh faoin aer agus ní mór dóibh an chosaint is fearr agus is féidir a bheith acu ó dhrochaimsir na hÉireann.

 

Advertisement

Robert Peglar (Portwest), Rachel Davoren (Portwest), Gráinne McElwain (TG4), Máire Treasa Ní Dhubhghaill (TG4), Micheál Ó Domhnaill (TG4), Cathal Hughes Jr (Portwest), Owen Hughes (Portwest)

95.8 MHz Galway City
95.8 MHz Clifden & West Connemara
97.4 MHz South Connemara & Aran Islands
96.8 MHz County Galway
97.4 MHz East Galway
97.2 MHz Gort Area

Copyright © 2024. Developed by Square1 and powered by PublisherPlus.com

Download the GBFM App
Advertisement