GalwayBayFM

3 clubs receive recognition at Croke Park - Aitheantas tugtha do 3 club i bPáirc an Chrócaigh

Share this article
3 clubs receive recognition at Croke Park - Aitheantas tugtha do 3 club i bPáirc an Chrócaigh

Oíche mhór cheiliúrtha ag Páirc an Chrócaigh agus boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2024 bronnta

Bronnadh boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 70 club CLG ó gach cearn den tír, oíche Aoine, an 29 Samhain, 2024. Bhí an searmanas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus ba cheiliúradh a bhí ann ar thiomantas na gclubanna CLG don Ghaeilge.

Ag an ócáid, tugadh aitheantas do 3 chlub as cúige Chonnacht, péire acu atá lonnaithe i gcontae na Gaillimhe agus ceann amháin i gcontae Mhaigh Eo.

Gaillimh

Maidir le contae na Gaillimhe, bronnadh dhá bhonn ar fhoirne as Conamara.

Fuair Bearna CLG bonn cré-umha as an méid a rinne sin ar son na Gaeilge agus bronnadh an duais mhór, Bonn Óir Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar an gclub Gaeltachta Naomh Anna, Leitir Mór.

Maigh Eo

Bhí ceiliúradh ann i gcontae Mhaigh Eo freisin nuair a bronnadh bonn cré-umha ar an gclub, Peil na mBan Bhéal Átha na Muice/Chill Lasrach as an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub.

Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, go bhfuil fás leanúnach tagtha ar an scéim le blianta beaga anuas, agus go bhfuil bronnadh na bliana seo ar an cheann is mó a d'eagraigh siad go dtí seo.

“Baineann foireann Ghlór na nGael sult as moltóireacht na mbonn gach uile bliain. Feicimid obair den chéad scoth ag dul ar aghaidh i gclubanna fud fad na tíre le spás don Ghaeilge a chinntiú ina gcuid cumainn. Tugann Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha teimpléad dóibh leis an obair seo a dhéanamh, agus aitheantas dóibh as an méid a bhaineann siad amach. Tá rath na scéime seo ag brath go hiomlán ar an chomhpháirtíocht sin idir na clubanna, Glór na nGael agus Páirc an Chrócaigh agus táimid iontach buíoch lenár gcairde sa CLG as an chomhpháirtíocht leanúnach linn, agus as an obair a dhéanann siad féin ar an talamh leis na clubanna. Tá tionchar na comhpháirtíochta seo le feiceáil san fhás suntasach atá tagtha ar an méid bonn a bhronn muid i mbliana.”

Ag trácht dó ar an bhFondúireacht Dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG:

“Is cuid lárnach í an Ghaeilge de Chumann Lúthchleas Gael agus is scéim iontach í an fhondúireacht leis an Ghaeilge a chur chun cinn ann. Cúis mhór áthais dom go bhfuil an scéim seo ag gabhháil ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana. Gabhaim buíochas mór lenár bpáirtnéirí sa scéim seo, Glór na nGael, a oibríonn go dian dícheallach ar an scéim ó cheann ceann na bliana.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na clubanna uilig a bheidh ag fáil boinn de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana. Déanaim comhghairdeas ach go háirithe leis na ceithre chlub a mbeidh boinn óir á mbronnadh orthu. Tá éacht déanta agaibh uilig.”

Bhí ionadaithe ó na clubanna i láthair i bPáirc an Chrócaigh chun glacadh lena ngradam le bród. Is léiriú é seo ar a dtiomantas chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh dá gclubanna féin agus ina bpobail.

Is scéim chomhpháirtíochta í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha idir Glór na nGael agus an CLG. Tá an comhpháirtíocht tiomanta do láithreacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú i gclubanna CLG ar fud na tíre. Is fianaise iad na boinn seo a bronnadh ar iarrachtaí leanúnacha na gclubanna chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina ngníomhaíochtaí agus chun a fás a chothú i measc a mbaill agus a bpobail.

Ní hamháin go n-aithníonn an ócáid seo éachtaí aonair na gclubanna, ach neartaíonn sé freisin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn tríd an spórt.

Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg

A night of celebrations in Croke Park at the prestigious Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha awards ceremony 2024

On Friday evening, 29 November, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha awards were presented to a distinguished assembly of 70 Cumann Lúthchleas Gael (GAA) clubs from across Ireland. This prestigious ceremony took place at Croke Park, marking a significant celebration of the commitment to the Irish language within the GAA community.

The event saw 3 clubs from Connacht being honoured for their outstanding contributions.

Galway

Two clubs in county Galway were awarded with medals in recognition for promoting the Irish language.

Bearna CLG won a bronze medal while the Gaeltacht team Naomh Anna, Leitir Mór were presented with Gold for their outstanding contribution to the Irish language within their club.

Commenting on Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Jarlath Burns, Uachtarán CLG said:

“The Irish language is at the heart of the Gaelic Athletic Association and the Fondúireacht is a wonderful scheme for promoting the language. It gives me great pleasure to see that this scheme is going from strength to strength, year after year. I would like to thank our partners, Glór na nGael who work very hard to deliver this scheme each year.

“I would like to congratulate all the teams that have been awarded Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha medals, especially those teams who have been awarded Gold. You have achieved something extraordinary.”

Representatives from clubs in Connacht were present at Croke Park to proudly accept their awards, symbolising their dedication to promoting the Irish language both within their clubs and in their broader local communities.

Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha is a collaborative initiative between Glór na nGael and the GAA. The partnership is dedicated to enhancing the presence and usage of the Irish language across GAA clubs nationwide. These medals serve as a testament to the clubs' ongoing efforts in integrating the Irish language into their activities and fostering its growth among their members and communities.

This event not only acknowledges individual club achievements but also reinforces the importance of preserving and promoting the Irish language through sport.

Cover photo: Delia Ní Ghríofa, Evan Ó Gríofa agus Annabel Ní Conghaile ó CLG Naomh Anna, Leitir Mór leis an bhonn óir de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a fuair an club ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh. Delia Ní Ghríofa, Evan Ó Gríofa and Annabel Ní Conghaile from CLG Naomh Anna, Leitir Mór with the gold medal Seosamh Mhic Dhonncha award that the club received at a ceremony in Croke Park. Photo credit: Conor O'Mearain.

Advertisement
95.8 MHz Galway City
95.8 MHz Clifden & West Connemara
97.4 MHz South Connemara & Aran Islands
96.8 MHz County Galway
97.4 MHz East Galway
97.2 MHz Gort Area

Copyright © 2025. Developed by Square1 and powered by PublisherPlus.com

Download the GBFM App
Advertisement