GalwayBayFM

Learn More about Galway City's Gaelphobal

Share this article
Learn More about Galway City's Gaelphobal


Cuir aithne ar Ghaelphobal Chathair na Gaillimhe:


Tá feachtas náisiúnta ar bun ag Foras na Gaeilge chun pobail taobh amuigh de na Gaeltachtaí
a spreagadh le bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an togra níos
mó Gaelphobail a ghiniúint le gur féidir leo plean teanga a fhorbairt chun cur le húsáid na
Gaeilge ina réigiún.

Advertisement

Advertisement


Tá an Ghaeltacht is mó agus is láidre sa tír ar leic an dorais againn agus tá tionchar leanúnach
aige seo ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch mar
chathair dhátheangach. Tá pobal láidir de chainteoirí líofa Gaeilge ag cur fúthu i nGaillimh
agus tá institiúidí, agus eagraíochtaí i mbun oibre le fada an lá ag cur na Gaeilge chun cinn sa
chathair ina measc, Gaillimh le Gaeilge. Lá mór don Ghaeilge agus do Ghaillimh araon a bhí
ann nuair a ghlac Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe an chéim mhór chun ‘stádas
dátheangach’ oifigiúil a bhronnadh ar an gCathair in 2016.

Arsa Aire Stáit Jack Chambers,

Ag labhairt di ar an bhfeachtas Gaelphobal, is é seo a bhí le rá ag Cathaoirleach Ghaillimh le
Gaeilge, Bernadette Mullarkey.
"Cuirim fáilte roimh an bhfeachtas seo chun Gaelphobal Chathair na Gaillimhe a chur os
comhair an tsaoil. Tugann sé aitheantas cuí agus poiblíocht leathan do phobal bríomhar na
Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Leis an bhfeachtas seo, tá deis eile fós againn ardán a
thabhairt don obair dhátheangach ar fad agus do phobal fuinniúil Gaeilge chathair na
Gaillimhe. Tugann sé deis uathúil dúinn freisin, féachaint ar a bhfuil ar siúl in ionaid
dhátheangacha eile ar fud na tíre, agus comhoibriú leo agus smaointe a mhalartú chun an
Ghaeilge a chur chun cinn níos mó ar leibhéal náisiúnta
.”

21/06/2020 repro free : .Photo:Andrew Downes,

Mar Aire a bhfuil freagracht air as cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, táim sásta an dul chun cinn suntasach a fheiceáil atá déanta sa phróiseas pleanála teanga ar fud na tíre go léir. Sna pobail a dtugaim cuairt orthu i mbailte agus i sráidbhailte fud fad na hÉireann, bím chomh tógtha sin le díograis, coimitmint agus tiomantas mhuintir na háite atá chomh paiseanta sin faoin nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn. Tréaslaím le Foras na Gaeilge an feachtas agus suíomh gréasáin nua seo a bheidh ina acmhainn den scoth do na heagraíochtaí pleanála teanga atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tá lúcháir orm freisin gurb é fócas an tionscnaimh seo é a dhéanamh níos éasca don phobal eolas a fháil faoin nGaeilge ina gceantair féin. Tá sé seo ríthábhachtach le go mbeidh níos mó daoine ag iarraidh an teanga a ghlacadh chucu féin agus chun a chinntiú go bhfásfaidh sí léi amach anseo.”


Tá breis is €4.1 milliún á infheistiú ag Foras na Gaeilge sa phleanáil teanga in ocht gceantar atá aitheanta go hoifigiúil as forbairtí áitiúla ó thaobh na Ghaeilge. Cheadaigh Jack Chambers, TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt & Gaeltachta Plean Gaeilge Chathair na Gaillimhe - rud a thugann aitheantas do Ghaillimh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. D’fhógair sé freisin go gcuirfear ciste bliantúil de €100,000 ar fáil chun tacú le feidhmiú an phlean teanga seo thar thréimhse seacht mbliana.Is ar Ghaillimh le Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a leagadh an cúram Plean Teanga a réiteach don chathair.

Cuirfidh an Coiste Comhairleach tacaíocht ar fáil, ar a mbeidh ionadaíocht ag na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí a bhaineann le cur i bhfeidhm na 36 beart atá sonraithe sa phlean. Díreoidh an plean aird an phobail ar an tábhacht a bhaineann le ‘Seirbhís i nGaeilge’ a bheith ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

Tá áthas ar Ghaillimh le Gaeilge go bhfuil an chéim is tábhachtaí sa phlean tugtha chun
críche anois leis an bhfógra a rinne an tAire Stáit Jack Chambers ag ócáid Bhronnta Ghradam
Sheosaimh Uí Ógartaigh le déanaí go bhfuil Máire Uí Dhufaigh ceaptha ina hOifigeach
Pleanála Teanga lánaimseartha le Gaillimh le Gaeilge.

I measc na mBeart sa Phlean Teanga, tá ceann a dhíríonn ar Eolaire ar líne a chruthú den
fhoireann le Gaeilge atá sna gnóthaí agus sna heagraíochtaí áitiúla. Anuas air sin, beidh
sonraí san Eolaire, a mbeidh fáil air i bhFómhar na bliana seo, i dtaobh imeachtaí agus ócáidí
a bhíonn á n-eagrú trí mheán na Gaeilge sa chathair.

Tuilleadh Eolais: Máire Uí Dhufaigh, Oifigeach Pleanála Teanga, Gaillimh le Gaeilge,
Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. 091 568876 [email protected]

Learn more about Galway City’s Gaelphobal:


There is a national campaign underway by Foras na Gaeilge to encourage communities outside of the Gaeltacht areas to get involved in promoting the Irish language. The project aims to generate more Gaelphobal communities so that they can develop a language plan to improve the use of Irish in their
region.


Speaking on the Gaelphobal campaign, Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach of Gaillimh le Gaeilge says;

Cuirim fáilte roimh an bhfeachtas seo. Cuideoidh sé go mór le Gaelphobal Chathair na Gaillimhe a chur os comhair an tsaoil agus tabharfaidh sé aitheantas cuí agus poiblíocht leathan do phobal bríomhar na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. The campaign gives us yet another opportunity to highlight Galway's vibrant Irish language community and its bilingual achievements. It also gives us a unique chance to see what is happening in other bilingual centres across the country, and to collaborate and exchange ideas to further promote the Irish language on a national level."


We have the largest and strongest Gaeltacht in the country on our doorstep and this has a lasting impact on Galway City, on its cultural and linguistic identity as a bilingual city. In Galway, there is a strong community of fluent Irish speakers and numerous institutions, and organizations have been working to promote the Irish language in the city, including Gaillimh le Gaeilge. It was a great day for both the Irish language and Galway when Galway City Councillors took the big step of granting the City official ‘bilingual status’ in 2016.


Minister of State Jack Chambers said

As Minister with responsibility for the implementation of the Gaeltacht Act 2012 I am pleased to see the significant progress that has been made in the language planning process throughout the country as a whole. In the communities I visit in towns and villages all over Ireland, I am always so impressed by the enthusiasm, commitment and dedication of local people who are so passionate about strengthening and promoting the Irish language. I congratulate Foras na Gaeilge on this new campaign and website which will be an excellent resource for the current language planning organisations and for those in the future. I am also delighted this initiative focusses on making it easier for the public to find out about the Irish language in their own areas. This is essential for getting more people to embrace the language and to ensure its growth into the future.

Foras na Gaeilge is investing over €4.1 million in language planning in eight areas, which have been officially recognised for local developments in the Irish language. Jack Chambers, TD, Government Chief Whip and Minister of State for Sport & the Gaeltacht approved Galway City's Irish Language Plan - thus recognising Galway as a Gaeltacht Service Town. He also announced that an annual fund of €100,000 will be provided to support the implementation of this language plan over seven years.

Gaillimh le Gaeilge, in partnership with Galway City Council, are responsible for preparing and implementing Galway City’s Plean Teanga. Support will be provided by a Coiste Comhairleach /Advisory Committee, which will have representatives from the organisations and institutions involved in implementing the 36 Measures specified in the plan. The Plean Teanga highlights the importance of providing services in Irish to those who wish to conduct their business through the medium of Irish in both the public and private sectors.

At the recent Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bilingual business award ceremony, recently, Jack Chambers, TD, Government Chief Whip and Minister of State announced the most important step forward in the implementation of the plan with the announcement of Máire Uí Dhufaigh (Ní Chonghaile) as a full-time Language Planning Officer with Gaillimh le Gaeilge.

In the plan, one of the measures is the creation of an online directory of the Irish-speaking personnel in local businesses and organizations. The Eolaire, which is due to be available online this autumn, will also include information on upcoming Irish language events in the city.


Additional Information: Máire Uí Dhufaigh, Oifigeach Pleanála Teanga, Gaillimh le Gaeilge,
Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla, Gaillimh. 091 568876 [email protected]

95.8 MHz Galway City
95.8 MHz Clifden & West Connemara
97.4 MHz South Connemara & Aran Islands
96.8 MHz County Galway
97.4 MHz East Galway
97.2 MHz Gort Area

Copyright © 2024. Developed by Square1 and powered by PublisherPlus.com

Download the GBFM App
Advertisement