Bhásaigh Bríd Ní Fhátharta, Cnoc na Cathrach, Gaillimh agus Rosmuc ó dhúchas (iar-phríomhoide Scoil Bhriocáin, An Gort Mór, Rosmuc) ar an 13ú Nollaig 2024, go suaimhneach i dTeach Altranais Rushmore, Cnoc na Cathrach , Gaillimh. Is méala mór a bás dá deirfiúr Joan (Meiriceá), dá gaolta, comharsain agus cairde .
Beidh sí á tórramh i Seomra Naomh Antaine i Séipéil N.Eoin Aspal, Cnoc na Cathrach (H91W0H4), tráthnóna Dé Luain 16ú Nollaig idir 4.30in agus 6in agus aistreofar a corp isteach sa séipéal ina dhiadh sin. Léifear Aifreann na Sochraide Dé Máirt 17ú Nollaig ag meán lae agus cuirfear Bríd tar éis an Aifrinn i Reilig Rathúin, le taobh a deirfiúr Mamie.
Beidh Aifreann na Sochraide dhá chraoladh beo ar https://www.churchtv.ie/knocknacarra/
Buíochas ó chroí leis an bhfoireann ar fad I dTeach Altranais Rushmore as ucht a gcineáltas agus an aire a tugadh do Bhríd.
Más mian leat do chomhbhrón a chur in iúl, is féidir teachtaireacht a fhágáil ar an leabhar comhbhróin thíos.
Suaimhneas síoraí dá h-anam dílís
Bríd Faherty, Knocknacarra and Rosmuc, Galway (retired principal of Scoil Bhriocáin, An Gort Mór, Rosmuc) passed away peacefully on the 13th December 2024, in Rushmore Nursing Home, Knocknacarra . Deeply mourned by her sister Joan (U.S.A.), relatives, neighbours and friends.
Reposing in St. Anthony’s Room within the Church of St. John the Apostle, Knocknacarra (H91W0H4) ,on Monday 16th December from 4.30pm with Removal into the church at 6.00 pm. Requiem Mass will be celebrated for Bríd on Tuesday 17th December at 12 noon and following Mass, she will be laid to rest with her sister Mamie in Rahoon cemetery.
The mass will be live streamed using the following link: https://www.churchtv.ie/knocknacarra/
A heartfelt thank you to all the staff at Rushmore Nursing Home for their care and kindness toward Bríd.
If you would like to leave a message of sympathy, please find the online book of condolence below.
Ar dheis Dé go raibh a h-anam dílís